School: Barrlinn

Location:
Inchinarihen, Co. Cork
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 032

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 032

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 032
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí ógánach ann go raibh nós aige fanamhaint amuigh go déidheanach san oidhce, ag imirt cártaí agus mar sin de.

    Bhí ógánach ann go raibh nós aige fanamhaint amuigh go déidheanach san oidhce, ag imirt cártaí agus mar sin de. Oidhche dá raibh sé ag teacht abhaile i ndeire na h-oidhche, tháinig sé suas le ceathrar ag iomcharh cómhra. Chuaidh sé cúcha. "Tabharfad-sa conghnamh díbh" ar seisean. "Amach le duine agaibh" Leigeadh an comhra annsan do agus bhí an ceathrar imthighthe. Chuir sé ar a dhrom é agus abhaile leis cuig a bhaile féin. Chuir sé síos é i lár na cistineach. D'osgail sé í agus cad a bhí ann act oigbhean bhreagh agus í 'na codhladh acht níor fhéad sé í do múchadh.
    Chuir sé fios ar an sagart agus do dhúisig seisean í agus chuir sé iacaibh uirthí labhairt
    Dinnis sé dóibh cerbh'í agus cad as í. Bhí an seoladh na mílte ón áit 'na rabhadar Chuaidh an t-ógánach go dtí an áit gan aon mhoill agus d'fan an cailín len' a mháthair, Nuair a srois sé an tigh, bhí socradh ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Mac Coitir
    Gender
    Male
    Age
    81
    Occupation
    Saor cloiche
    Address
    Derrynafinchin, Co. Cork