School: Barrlinn

Location:
Inchinarihen, Co. Cork
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 003

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 003

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 003
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Lá dá raibh Fionn agus na Fianna amuigh ag fiadhach mar ba ghnáth, i lár an lae do dhorcaig an lá mar an oidhche i dtreó na feicimís gadhar, cú ná seabhach.

    Lá dá raibh Fionn agus na Fianna amuigh ag fiadhach mar ba ghnáth, i lár an lae do dhorcaig an lá mar an oidhche i dtreo na feicimís gadhar, cú ná seabhach. Cuireadh iongadh orainn gan amhras. Annsan d'eirigh an dorcadas beagáinín agus chonnacamar cughainn an bhean ba ghráinne dá bfhaca aoinne riamh. Sgaoil gac duine a ghadhar. Sgaoil Fionn féinig Bran. Acht in ionad sgannradh do bheith aici rómpa is amhlaidh gur chrom sí ar iad go léir do mharbhú. Acht níor buaidheadh riamh ar Bhran an Rígh, agus thug seisean troid a dóithin di.
    I gcionn tamaill d'fill Bran thar nais agus do shuidh síos ós cómhair Finn agus do ghol go bínn agus do sgread go chruaidh. "Dár mo lámh" arsa Fionn "Is amhlaidh gurab é go bfhuil ár gcinn i gcontabhairt cruaidh."
    Ba ghearr gur tháinig an bhean mhór níos goire, agus d'féuc sí comh gránda san, gurab' fhearr do dhuine bheith ag féuchaint ar an nDiabhal féin.
    Do labhair sí le Fionn, "Táimse" ar sise "trí míosa in Éirinn i ngan fhios dibh, - mise agus mo mhná a tháinig go hÉirinn in seacht mbádaibh. Ba mhaith linn fanamhaint in Éirinn, agus ba mhaith an bhail a bheadh ar mhuinntear na h-Éireann, acht mise do bheith mar mhnaoi agat sa."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Mac Coitir
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Saor cloiche
    Address
    Derrynafinchin, Co. Cork