School: Réidhleán (Measctha), Áth an Chóiste

Location:
Rylane, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Buachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0343, Page 203

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0343, Page 203

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Réidhleán (Measctha), Áth an Chóiste
  2. XML Page 203
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chuir sé an glas air. Ansan chuir sé an t-eochair in a phóca agus ghluais sé air. Ní raibh sé ibhfad ó'n dtig nuair tháinig an cailín aimsire in a dhiaidh. Dubhairt sí leis "Níor fhágais an eochair agam agus ní bheidh aon nidh le n-ithe agam chun dinnéir" "Ní fiú dínnéar d'ithe" ars' an fear leí "beidh ocras ort airís i gceann cúpla uair"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Chailleadh bean Thaidhg de h-Óra agus cúig bliadhna in a diaidh fuair sé féin bás. Chuaidh Tadhg go dtí Geata na bhFlathas, a's bhí sé ag cuir féin in-iúl do Pheadar Naomhtha, nuair d'airig sé caint mná istig. "Cia h-í seo ag caint a Pheadar Naomhtha" ar seisean. "Sí do bhean atá ag fanamhaint leat" arsa Peadar Naomtha. "Mo chruagh go deo mé" arsa Tadhg. "Fiche bliadhain a chaitheas na teannta" "agus 'ó'n diabhai mé má caithim bliadhain eile leí"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Bhí gasra saighdúir bailighthe timcheall na teinead oidhche t'réis catha. Bhíodar ag cainnt agus gach aoinne acu ag cur síos ar a gaisge féin.
    Tárla amadán in a measg, a's bhí sé ag éisteacht leis an gcainnt. "Eiríghidh as" "is feárr mo gniomhartha ná gaisge aoinne agaibh. " "D'fheacadar ar a chéile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.