School: Réidhleán (Measctha), Áth an Chóiste
- Location:
- Rylane, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Buachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Réidhleán (Measctha), Áth an Chóiste
- XML Page 202
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuaidh Pádruig óg ar sgoil lá. Ní raibh sé ar sgoil riamh roimhe sin. Nuair a tháinig sé abhaile, ars' a mháthair leis "Conus ar eirig leat a chuid?" "Go bréagh a mháthair arsa Padruig "ach níl morán eolais ag an múinteóir." "Cá fios duit arsa a mháthair" "Ó" arsa Pádruig "chuir sí ceist, agus ceist, agus ceist arís orm-sa, agus fé dheire cad a bhí ag teastáil uaithe, ach "Cé mhéid a dó a's a dó?" "Ós rud é ná fuil an méid sin aici, raghad go dtí sgoil eile amáireach"
- Bhí fear ann fadó, agus bhí cailín aimsire aige. Cailín ana leisgeamhail ab'eadh í. Lá amháin ba mhaith leis fear an tighe dul go dtí an t-aonach. Bhí an lá ana fhluic agus na bóithre salach. Thug an cailín aimsire na bróga dó, d'fheac sé ortha agus ansan dubhairt sé "Cad na thaobh nár ghlanais mo bhroga?" "Niorbh fhiú iad do glanadh" ar sise", "beigh siad salach arís i gceann neomat"
Ní dubhairt fear an tighe a thuille. Bhí cómhra ins an dtig, in a mbíodh an biadh agus(continues on next page)