School: Maghcromtha (B.)

Location:
Macroom, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Deasmhumhna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 246

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 246

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maghcromtha (B.)
  2. XML Page 246
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Leisge dul ag codhlad, leisge ag eírge, an timcheall chun na h-oibre is an chómhgar chun an bhídh.

    Leisge dul ag codhlad. Leisge ag eírge, an timcheall chun na h-oibre is an chómhgar chun an bhídh
    Is minic a bainfead duine slat a buailfeadh é feín
    Is olc an cú nach fiú fead a leigint uirthi.
    Is cuma ná muc duine gan seift.
    Duine i mbaile nó baile i bparóiste.
    Is feárr síor-obair ná sár-obair.
    Dia lem’ anam ach níl ann ach iasacht.
    Is feárr glas ná amhras.
    An té ná h-eol dó labhairt ní h-eól dó éisteacht.
    An té a bhíonn diamhaoin óg bíonn sé laídir críonna.
    Is minic gur comhairle maith an droch-chómhairle.
    Ná mol le h-eagla go gcaínfá
    Ní coidreamh go h-aontigheas.
    Is dall súil i gcúl duine eile.
    As an gnó faightear an t-eólas.
    Nuair a théigeann tú go Róim bí Rómhánach leó.
    Ar eagla an easbaidh is maith bheith spártha lághach.
    Prátaí beag, prátaí mór, is buille duirn má theastuigheann uait.
    Nuair is éigin do’n cailleach caitheann sí rith.
    Bearla níl agam ní chanaim a h-órd ach
    Gaedhilg liom labhair agus freagra gheobhair.
    Is minic a deineann braimín giobalach capaillín cumasach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Risteard de Brún
    Gender
    Male
    Address
    Macroom, Co. Cork