School: Maghcromtha (B.)

Location:
Macroom, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Deasmhumhna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 236

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 236

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maghcromtha (B.)
  2. XML Page 236
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean-sgéal d’airigheas ó m’úncail Séamas Ó Cochláin, Tír Beag Maghchromtha. D’innis sé dom é timcheall bliadhain ó shoin.
    Dubhairt sé go raibh sé ag teacht abhaile ó Maghchromtha oidhche dorcha agus go raibh deithneas air. Nuair srois sé an cros bóthair atá gairid dá thighe, in ionad dul abhaile thímcheall an bhóthair. Is amhlaidh a thóg sé an cómhgar treasna na páirceanna. Nuair chuaidh sé thar an gclaidhe thug e sé aghaidh ar an ngeata a bhí ar an dtaobh eile de’n pháirc. Nuair srois sé an geata chonnaic sé gur amach ar an mbóthar arís a bhí sé ag dul. Bhí geata eile i gcúinne na páirce ach thuit an rud céadna amach dó. Do lean sé mar sin go ceann uaire a chluig ach do theip air glan dul amach as an bpáirc go dtí go raibh an grian ag éirghe. Is dócha go raibh an pháirc sin siubhalta na céadta uaire aige ach mar sin féin níor fhéad sé teacht amach. Dubhairt sé annsan go raibh go n-deireann a lán daoine go raibh mbionn “Seán an Lampa” ann ag cur na daoine amú mar gur thuit an rud céadna amach do a lán daoine eile sa pháirc céadna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Finghín Ó Cochláin
    Gender
    Male
    Address
    Macroom, Co. Cork
    Informant
    Séamas Ó Cochláin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Teerbeg, Co. Cork