School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)
- Location:
- Macroom, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cill-na-Martra anois air. Tig fada caol a bhí ann acht fairíor ní raibh slinn le fhághail, agus dá bhrígh sin ní raibh air acht na taobháin agus an ceann tuighe agus fraoigh, acht bhí mhaitheas amháín déanta bhí an séipéal ar lár na paróiste agus breis saoráide ag na daoine ná raibh aca roimhe sin. Cun breis cómhangair a thabhairt do gach éinne do deineadh dhá leath nó roinnt ar an bparóiste agus do deineadh paróiste fé leith do Bhaile Mhúirne, acht an t-éinnidhe amháin, gurbh' é sagart paróiste Cill-na-Martra sagart paróiste Baile Mhúirne chómh maith. Fé cheann scaithimh aimsir d'éileamh muinntir Baile Mhúirne sagart paroiste dóibh féín agus tar-éis mórán cur - is cúiteamh do ghéill an tEasbog dóibh, Dá bhrígh sin do luigheaduigheadh paróiste Cill-na-Martra agus tá an sgéul amhlaidh ó soin. Roimis an ndeighilt seo nuair a thaghadh lá patrún Naomh Lachtín sa Mheitheamh bíodh rásanna agus greann agus sgléip aca i gCill-na-Martra, díreach mar a bhiodh an Cínngcís i mBaile Mhúirne mar bhíodh cnosac iongantach daoine ann. Do bhíodh ólachán mór dá dhéanamh ann gach lá patrún agus mar is gnáthac do bhíodh na bruigheannta agus an aragóint ann leis, nuair ná raibh an sagart na chómnuidhe sa treó ní raibh eólus aige ar na droch bhéasaibh seo.
- Collector
- Peg Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Caol Fuinseann, Co. Cork
- Informant
- Micheál Ó Mhurchadha
- Gender
- Male
- Address
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork