School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)

Location:
Macroom, Co. Cork
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 024

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 024

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Page 024
  3. XML “Caisleán Mhaigh Chromtha - ó 1650 go dtí an Lá Inniu”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Shrois an Tighearna Broghill, Cill-Chré agus ó'n dúthaigh sin, tháinig sé go Carraig-an-Droichid. Bhí cuid de shaighdiúirí an Easbuig i g-Casileán annso agus mar sin, d'fhág Broghill a cheithearnaigh annso agus níor ghabhadar an Caisleán. Chuaidh sé ar aghaidh go tapaidh go dtí Mághchromtha annsan. Nuair a bhí sé ag teacht in aice do'n bhaile, chuir an t-Easbog an caisleán tré theine i dtreo is nach mbeadh sé i lámhaibh an namhaid - mar dá bhfaigheadh an namhad an caisleán, ní bheadh aon tseans ag an Easbog buadhchaint ortha. Annsan do bhailig saighdiúrí an Easbuig ins an bPáirc ar chúl an Chaisleáin agus do troideadh cath fuilteach ann ach mo léan!
    Toisg go raibh gunnaí agus capaill níos fearr ag an namhaid agus toisc go raibh níos mó cleachtadh ag na saighdiúrí, do buadhadh ar an easbog cé go raibh níos mó saighdiúrí aige féin. Marbhuigheadh an-chuid des na Gaedhil agus ceannasach a bhí acu - Árd-Shirream Chiarraighe. An taoiseach eile a bhí acú, an t-Easbog Baedán Mach Aodhagáín, deineadh prisiúnach de agus tugadh go dtí Caisleán Charraig-an-Droichid é. Bhí a chuid fear ann agus nuair tógadh ós cómhair na bhfear é dúbhairt Broghill leis "Abair leo géileadh anois, agus ní chrocfar thú." "Tá go maith" ars' an t-Easbog, agus chuaidh sé i dtreo na bhfear agus dúbhairt leo - gan géilleadh go deó. Ach cleas do b'eadh é nár thaithn le Broghill. Bhain sé an srian de chapall an Easbuig, dhein croch leis ar chrann-phéirín, agus thug suaimhneas síorruidhe do'n Easbog
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    2. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Ríordáin
    Gender
    Female
    Address
    Seanbhaile Sheáin, Co. Cork
    Informant
    Micheál Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Address
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork