School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)

Location:
Macroom, Co. Cork
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 021

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 021

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Page 021
  3. XML “Fionnbarra Naofa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Do chaith Íosa Críost, moladh go deo leis, deich mbliadhna is fiche d'á shaoghal i Nasaret sar a thosnuigh Sé ar an gcreideamh do chraobhscaoileadh agus an eaglais do chur ar bun. Annsan nuair a thánaigh an t-am, do thaisbeán Sé é féín ós chómhair an domhain. Ba mhór an obair a bhí ann, agus ní raibh ach tamall beag aige; ach do stad Sé go minic chun seal a chaiteamh i leath-thaobh ón tsluagh.
    D'fhan ár bpátrún naomhtha i nGuagán ar feadh tamaill mhaith. I gciuineas na h-áite do chuaidh sé ar aghaidh go seóigh i naomhthacht, agus fé dheire nuair a bhí sé ullamh i gcóir na h-oibre móire gurbh é toil Dé a thabhairt dó le dhéanamh, do cuireadh aingeal ag triall air agus dubhairt sé le Fionnbarra: "Ní hé seo áit d'eiseirighe," agus do sheól sé soir é go dtí corcach a bhí ag bun abhann na Laoi, agus dubhairt an t-aingeal leis: "Fan annso, mar is í an áit seo áit d'eiseirighe." D'fhan sé ann agus do chuir sé eaglais ar bun agus i gcionn tamaill tógadh mainistir agus sgoil ann leis. Do leath clú na sgoile ar fuaid na tíre go léir, agus thánaigh mic-léighinn 'na sluaightibh ag lorg oideacais ann.
    Bhí Fionnbarra 'na easbog ós cionn na h-eaglaise i gCorcaigh ar feadh naoi mbliadhna déag. Le linn an ama sin do lean sé ar an obair ag bunughadh teampall ag deanamh sagart is easbog, agus ag craobh-scaoileadh an chreidimh. Fé dheire do chonnaic sé go raibh aimsir a bháis tagaithe. Do ghluais sé ag triall ar Chill na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Chonaill
    Gender
    Female
    Address
    Carriganish, Co. Cork
    Informant
    Bean Úi Lusaigh
    Gender
    Female
    Address
    Carriganish, Co. Cork