School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)

Location:
Macroom, Co. Cork
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Page 005
  3. XML “Naomh Gobnait”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar nós baluith cúmhra na mbláth fhanann tar éis na mbláth féin do scathadh ón bpréimh nó do theascadh dá gcosaibh.
    Is fírinneach íad fochail file an lae indiu -
    "Gach féile nuair thigeann crunnighid na céadta
    San teampaillín néata ós cionn an t-Suláin,
    A guidhe chun na bhflaitheas is chun Gobnait Naomhtha,
    Chun sos agus faoiseamh d'fhagháil ó theinneas a gcnámh.
    Is mó tinn, tréighid, as deacair, as peannaid dá ghéire,
    As máirtíní laga gan tapa, gan téagar,
    D'fhágann a ngalair gan bhladair 'na ndéid ann;
    Is rithid le chéile ar fad síos go Sulán."
    Ach bhí naomh eile ann leis san iarthar. Mhair sé san 6adh aoise agus Laichtín do b'ainm dó. Chuir sé cill mór ar bun i gCloich-Íneach (deireann daoine gurb' íad na draoi a chuir an foirgneamh úd ar bun mar ciorcal atá ann agus goláin mór thímcheall) agus thagadh an-chuid daoine ag tabhairt turasanna ann sa t-sean-aimsir. Do réir úghdair eile, ní raibh aon bhaint ag Laichtín leis an áit ach go raibh a mhartar (relics a bhaineann leis an gcorp) ann. B'é an martar úd ná lámh Laichtín istigh i mála leathair agus clúdach phráis agus airgid i bhfuirm láimh as san. Tá an martar san le feiscint i dTigh na Seód Seanda (Museum) i mBlá' Cliath anois ach tá an t-ainm fós ar an áit - Cill na Mairtire.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Bhuachalla
    Gender
    Female
    Address
    An Lios Buí Mór, Co. Cork
    Informant
    Pádraig Ó Buachalla
    Gender
    Male
    Address
    An Lios Buí Mór, Co. Cork