School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)

Location:
Macroom, Co. Cork
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Page 004
  3. XML “Naomh Gobnait”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Naomhtha seo. Nuair a ghaibh sí cuing an chrábhaigh uirthi féin agus ghéill sí do mhóid na geanmhnaidheachta ar nós a lán maighdean eile a thréigh aoibhneas agus sógh suarach an tsaoghail seo, d'fhonn Dia do rinridh, do stiúraidh a h-aingeal coimhdeachta í i dtreo Bhaile-Mhúirne, áit 'na bhfaghadh sí naoi gcinn d'fhiadhna bána 'na gcodladh roimpe. "Dein do bheannú as do lonnú 'san áit seo" ars' an t-Aingeal. "Toigh ionad do chille ann, mar is ann a bheidh t-aiseirighe". Is fonnmhar díoghraiseach a chómhlíon sí gach ar dúbhradh leí. Cuireadh suas an chill agus chaith sí deire a saoghail - deire a deóraidheachta ar talamh, ag cleachtadh na h-uile sobháilce is ag cómhlíonadh na h-uile h-aithne.
    Is léir go raibh ainm Ghobnait i mbéal an tsluaigh mór thímcheall na h-Éireann in allód. Ní gábhadh d'om ach tagairt do'n stair a léightear a nAnnála Ríoghacht na h-Éireann do chuir na húghdair léigheannta san da ngairtear na Ceithre Máighistirí le chéile. San leabhar sin, léightear go dtug sluagh na nUlltach turus ar Bhaile Mhúirne ar son Gobnat ag dul fá dhein an tsluaigh Spáinig a bhí ag fitheamh leo i gCionn tSáile dóibh. Le n-ár linn féin téigheann na sluaighte daoine fá dhéin teampaill Ghobnait gach Domhnach Cingcíse agus ní hé sin amháin ach is bhéas ag a lán aca dul go dtí an teampaill an tráthnóna roimh an Domhnach sin agus faire oidhche do dhéanamh 'na h-onóir, agus má's fíor a gheibhid ndeintear ní folamh a thagann cuid aca abhaile. Mar is minic a gheibhid a nguidhe tré impidhe Ghobnat. Do b'iongantach íad na mirbhúiltí a cuirtear i leith an bhan-naomh seo agus ní h-aon iongnadh go maireann a cuimhne go bíth-bhuan i gcroidhthe Múirne
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Bhuachalla
    Gender
    Female
    Address
    An Lios Buí Mór, Co. Cork
    Informant
    Pádraig Ó Buachalla
    Gender
    Male
    Address
    An Lios Buí Mór, Co. Cork