School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- Location:
- Macroom, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gleann breágh alúinn iseadh Céim an Fiaidh. Tá sé ceithre míle ar an dtaobh thiar de Bheul Átha An Ghaorthaidh. Timpall ceithre míle an fhaid atá ann. Is é an gleann is breághtha i n-Éirinn é. Cuirtear i gcomórtas é le "Pass" atá ins na h-Indiachaibh go dtugtar an "Cadhber Pass air. Tugtar "Cadhber na h-Éireann" ar Gleann Céim an Fiaidh leis. Na failltreacha atá ar gach taobh dhe'n bhóthair táid siad timpall trí céad troigh ar aoirde. Fásann crainn suas dhá thaobh an ghleanna agus is breágh fonnfhuar an áit é sa tsamradh. 'Sé seo cuis go dtugtar Céim an Fhiaidh mar ainm air. Fadó riamh, bhíodh fiadhna ar thaobh an cnuic cómhgarach do'n gleann. Duchaill ainm an chnuic seo. Théidheadh lucht an bhaile ag fiadhach air.
Tráthnóna breágh Fóghmhair bhailigh gasra aca le chéile agus cnósuigheadar le céile cuin. Gluaiseadar leó suas go dtí bárr an chnuic agus dhúisigheadar an fiadh. Thug sé aghaidh síos agus na gadhair ar a thóir. Díreach agus é ag bhruach na faille bhí na gadhair ar a shalaibh. Ní raibh dada aige le déanamh ach tabhairt suas nú léimt. Thug sé léim treasna agus bhí sé(continues on next page)- Collector
- Gobnait Níc Chárthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Codrum, Co. Cork
- Informant
- Maitiú Mach Tuama
- Gender
- Male
- Address
- Gort na Tiobratan, Co. Cork