School: Carraig Uí Ulla (Carrigagulla), Baile na Groighe
- Location:
- Carrigagulla, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Hanluain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig Uí Ulla (Carrigagulla), Baile na Groighe
- XML Page 097
- XML “Eachtra Fionn Mac Cumhaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chor dó do chuir go glunaibh é, an dara cor, go cromanaibh agus an tríomhadh cor go mhúineal. "Tá da ceann agam a Dheirg Óig" ar seisean. "Ná deín" arsa Dearg Óg agus bhéaraidh mé leath mo ríoghachtha go dtí mo bhás dhuit agus mo rióghacht go leír dhuit ón bhás amach" "Beidh sé sin agus do cheann agam arsa Seacrán ag chaitheamh a chinn de. Do tharraing sé gad agus do sáith sé tré na phlucaibh é, agus do bhuail ar a ghualainn é agus thug sé leis go dtí Fionn. Do tharraing sé an biorán suain as an fearaibh agus d'fiafruigh d'Fionn an raibh aon chuimhneamh aighe ag dhul ag tabhairt an chata. Do bhain Fionn searradh as feín agus dubhairt go raibh gach aon chuimhneamh agus gur b'air cath an lae indiú do thabhairt. Dubhairt Seachrán go raibh deireadh na gcath tabhartha agus go raibh Dearg Óg agus a chómthaidhe go léir marbh agus gur marbh agus gur mhitidh dhóibh bheith ag trial ar an mbaile.
Do bhuaileadar a gcuid arm agus éadaighe agus nuair a bhíodar ag gluiseacht(continues on next page)- Collector
- Nora Sullivan
- Gender
- Female
- Address
- Annagannihy, Co. Cork
- Informant
- Mr Denis Mac Sweeney
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Address
- Ballinagree, Co. Cork