School: Leaca Riabhach, Maghcromtha (roll number 9243)
- Location:
- Lackareagh, Co. Cork
- Teacher: Máiréad de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leaca Riabhach, Maghcromtha
- XML Page 074
- XML “An Gadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uirthi agus chaith sé uaidh í nuair a chonnaic sé comh salach í. Chomáin sé leis chun gur bhuail an tarna bróig air. D'féach sé uirthi agus bhí sí go breagh glan. "Seadh" ar seisean "is maith a dheanfadh an peidhre bróg san dom dritheair sa bhaile." Cheangail sé an chaora le sgeich ar thaobh an bhóthair agus d'iompuig sé thar nais cun na bróige eile d'faghail.
Nuair a bhí sé imighthe do léim Seáinín amach agus rug sé ar an mhearóg agus scaoil sé an chaora agus thóg sé gach aon chómhgar as san go dtí tig an ghadaí duibh, leis an gcaoirig. "Tá an chaora san agam tabhartha agam liom" arsa Seáinín. "Is maith an buachaill tu" arsa'n gadaí dubh. "Conus a ghoidis í?" "Dob fuiriste dom é deunamh", ar seisean "mar amadán iseadh é," agus d'innis sé do conus a tháinig sé uirthi.
Bhí an sgéal go maith acu annsan ar feadh miosa chun go dtáinig an buachaill cucha lá ar chuaird. "Seadh Dé bheatha cughainn" arsa'n gadaidhe leis an mbuachaill "Go mairir slán" arsa'n buachaill. "Conus a thaithn an chaora san a thugais abhaile led' athair?" "Go hana mhaith" arsa'n buachaill.
"An fada a fanfair linn?" arsa'n gadaí. "Caithfead dul abhaile arís amáireach" arsa'n buachaill(continues on next page)- Informant
- Tadhg Ó Laocha
- Gender
- Male
- Address
- Mountmusic, Co. Cork