School: Leaca Riabhach, Maghcromtha (roll number 9243)

Location:
Lackareagh, Co. Cork
Teacher:
Máiréad de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0340, Page 073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0340, Page 073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leaca Riabhach, Maghcromtha
  2. XML Page 073
  3. XML “An Gadaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Go raibh maith agat a mháigistir" arsa'n buachaill. Téanam ort amach san iothlainn a Sheáináin agus cas mearog dom." Do dhein comh maith "Téanam ort a Sheáinín" arsa's buachaill núair abhí an mearóg casta acu go mbearfaimíd ar an caoire. Do dhein cómh maith, agus rugadar uirthi. Chuireadar an mhéaróg timcheall ar mhuineál na caorac agus chomáin an buachaill cun siubhail léi. Tháinig Seáinín isteach cun an gadaidhe dubh arís. "Deinim amach gur amadán buachalla abhí agat annsan a mháigistir" ar seisean. "Cad na thaobh go ndeireann tu é sin?" arsa'n gadaidhe. "Tá fhios agam go bhféadfainn an caora san a ghoid uaidh aris" arsa Seáinín. "Do thabharfainn deich bpúnt airgid duit a Sheáinín dá goidtheá an caora san uaidh agus í thabhairt tar nais cugham arís" arsa'n gadaí. "Tá go maith" arsa Seáinín "trialfad é." Chomáin sé leis agus ghearr sé an cómhgar tré lár coille ar a raibh bóthar go gcaithfeadh an buachaill teacht leis an gcaoirig. Bhí peidhre de bhróga nua ar Seáinín. Bhain sé de iad. Do shaluig sé ceann amháin de na bróga agus chuir ar lár an bóthair roimis an buachaill amach é. Chuir sé an bhróg eile ar an mbóthar eile tamall eile uaithe go breágh glan.
    Nuair a tháinig buachaill na caorach ar an gcead mbhróig, d'féach sé uirthi, agus rug sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Languages
    Irish
    English
    Informant
    Tadhg Ó Laocha
    Gender
    Male
    Address
    Mountmusic, Co. Cork