School: Leaca Riabhach, Maghcromtha (roll number 9243)

Location:
Lackareagh, Co. Cork
Teacher:
Máiréad de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0340, Page 072

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0340, Page 072

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leaca Riabhach, Maghcromtha
  2. XML Page 072
  3. XML “An Gadaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Beir go dtí an gadaidhe dubh amáireach é" arsa'n máighistir.
    Do cheannuig an t-athair culaith éadaig do Seáinín agus dhein sé amach tig an ghadaidhe duibh "Dé beatha cughainn" arsa'n gadaidhe nuair a chonnaic sé é. "Go mairir slán" arsa fear an gheata "Cad a thug annso tú" ar seiseann "nó cad é do ghnó?" "Bheul a dhuine usail 'sé mo ghnó ná féucaint an dtógfá an garsún seo uaim 'na phríntíseach. "Déanfad agus fáilte" arsa'n gadaidhe "mar oireann sé go mór dom anois. "Níl ach coigcís dá aimsir gan bheith caithte ag an mbuachaill atá agam." "Faid saoghal agat" arsa fear an gheata "agus go bhfádaidh Dia tu." Do chas sé ar a sháil agus d'fág sé Seáinín in a dhiaidh. Nior chuir aon nídh dá bhfeaca sé in a dhiaidh sin aon iongnadh ar Seáinín.
    Aon lá amháin i gcionn coigcíse dubhairt an gadaidhe leis an mbuacaill abhí aige go raibh a aimsir caithte agus ar seisean leis "táim ana bhuidheach diot mar bhí go maith agam" go raibh maith agat" arsa'n buacaill "agus táim ag dul abhaile indiu."
    "Ó bhís comh maith agam" arsa'n gadaidhe, "agus go bhfuilim comh buidheach diot féadfair dul suas sa pháirc mar a bhfuil na caoire, agus pé caora is maith leat a bhreith abhaile cun t athar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Languages
    Irish
    English
    Informant
    Tadhg Ó Laocha
    Gender
    Male
    Address
    Mountmusic, Co. Cork