School: Toames, Maghcromtha (roll number 15478)

Location:
Tooms, Co. Cork
Teacher:
Seán de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 279

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Toames, Maghcromtha
  2. XML Page 279
  3. XML “Na Bailte Fearainn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní dóigh liom go bhfuil stuidéar cómh spéiseamhail le stuidéar i dtaobh an brígh atá le h-ainmnacha na mbailte fearann. Is cosamhail le leabhar Gaedhilge ar oscailt an tír go-léir 'nár dtimcheall. Pé áit a feachaimíd, chímíd bailte fearann agus ainmneacha Gaolacha ortha.
    Ag tosnú le nár bparóiste féin, tógaimís ar dtúis an baile fearann 'na bhfuil an scoil suidhte i.e. Tóim.

    TÓIM no TUAIM
    Ar dtúis tugadh an ainm "Tuaim" ar ardán cré no cloc ós cionn uagha:- ach sé an ceud brígh atá leis an ainm annso i.e. ardan mór tailimh. Tá dhó árdán annsó. "Tuaim Shiar" agus "Tuaim Shoir". Tá dhá fhuirm ag an tuiseal geineamhnach den fhocal seo i.e. "Tóime" agus "Tóimeach". Ní h-usáidtear ach an tarna cheann sa pharóiste seo. Nior airigheas riamh ac "muinntir Thóimeach" nó "talamh Thóimeach" srl.

    GORT a' CORRAIG
    In aice Tóimeach ar an dteorainn tá Gort A'n Chorraigh i.e. "Field of the Marsh". Bhí na corracha go flúirseac ins an mbaile fearann seo agus ní ró fáda sin leis ach toisg gur deineadh mórán saothruithe agus díogracha san áit tá an talamh chuibhseach tirm anois.

    CNOC AMHRÁIN nó Cnoch Fhodhráin
    ar teórainn Tóimeac leis. Sé an ainm a tugtar ar an mbaile fearann seo anois nó "Mountmusic". Mheasfá as san gurbé an cuid fhuirm a bhí mar ainm ar an áit. Ach im thuairmse níl sé seo ceart mar bhí daoine 'na gcómhnuidhe san áit
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Tooms, Co. Cork