School: Toames, Maghcromtha (roll number 15478)
- Location:
- Tooms, Co. Cork
- Teacher: Seán de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Toames, Maghcromtha
- XML Page 264
- XML “An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tar nais arís cugam" ars an gadaí. "Tá go mait" arsa Seáinín trialfad é. Chomáin sé leis agus gheárr sé comhgar tré lár coille ar a raibh bóthar go gcaithfeadh an buachaill teacht leis an gcaoirig Bhí pheire de bróga nuadha ar Seáinín. Bhain sé dhe iad. Do shaluig sé ceann des na bróga agus chuir ar lár an bóthair roimis an mbuachaill í. Chuir sé an ceann eile de na bróga ar an mbóthar tamaill eile uaithe go breágh glan. Nuair tháinig buachaill na caorach ar an gcead mbróg, d'feach sé uirthe agus rug sé uirthe agus chaith sé uaidh í nuair chonnaic sé cómh salach í. Comáin sé leis arís chun gur bhuail an tarna bróg uime. D'fheach sé uirthe agus bhí sí go breágh glan. "Seadh" ar seisean "is maith a dheanfadh an pheire bróg san mo dhritháir sa bhaile. " Ceanghail sé an chaora de sgeich ar thaobh an bhóthar agus d'iompuig sé tar nais cun na bróige eile fághail. Nuair a bhí sé imigthe do léim Seáinin amach agus rug sé ar an mearóg agus [?] sé an chaora agus thóg sé gach aon comhgar as san go tig an ghadaí dhuibh leis an gcaoirig. "Tá an caora sin tabhartha agam liom" arsa Seáinín leis an nGadaí dubh. "Is maith an buachaill tú" ars an gadaí dubh le Seáinín. "Conus a dheineas é."? "Dob' fhuiriste dhom é" ara Seáinín "mar amadán is eadh é" agus d'innis sé do'n gadaí dubh conus a tháinig sé uirthe. Bhí an sgeal go maith achu annsan ar feadh mí chun go dtáinig an buachaill cucha lá ar chuaird. Seadh "Dia bheatha cughainn" ars an gadaí leis an mbuachaill. "Go mairir slán" ars an buachaill. "Conus a thaithn an caora san a rugais leat led' athair"? "Go h-ana mhaith" ars an buachaill. "An fada fanfair againn"? ars an gadaí dub." Caithfead dul abhaile(continues on next page)
- Informant
- Tadhg Ó Laocha
- Gender
- Male
- Address
- Mountmusic, Co. Cork