School: Toames, Maghcromtha (roll number 15478)

Location:
Tooms, Co. Cork
Teacher:
Seán de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 262

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 262

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Toames, Maghcromtha
  2. XML Page 262
  3. XML “An Gadaí Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Gadaidhe Dubh
    Bhí fear mór saibhir sa dúchaigh seo fadó agus bhí sé ina chómhnuighe le hais na cathrach. Bhí mórán tailimh aige. Bhí lán tighte fear oibre agus bhí lodge le hais an gheata aige agus fear ag tabhairt aire don geata. Ní raibh de muirighin ag fear an gheata ach é féin agus a bhean agus aon mac amháin. B'é an t-anim a ghlaoidís ar an mac ná Seáinín. Bhíodh Seáinín síos is suas go dtí an tigh mór gach aon lá. Amach san aimsir do mhothaigh na seirbhísigh sceana agus foirc agus plátaí ag imeacht. An cuid ba mheasa den scéal gcoinneodh an máistir luach na rudaí a ghoideadh as a dtuarascáil. In deire thiar thall, bhí na mná chun an tighe d'fhágaint mar ní dhíoladh a bpág as an damáiste a dheintí. Bhí na mná ag cásamh. D'fhiafraigh an máistir díobh an raibh tuairim acu ar an nduine a bhí ag goid na rudaí. Dubharadar leis gurab é a dtuairim gur b'é Seáinín a bhí ag goid na rudaí. Bhuel, dúirt an máistir leo lá amháin fear a' gheata a thabhairt aníos chuige. Tháinig sé. "Seadh" arsa an máistir leis "caithfear do mhac a chur le céird". Cad é an céard a thabharfadh dó" arsa an t-athair. "Gadaíocht" arsa an máistir. Caithfidh sé aimsir a thabhairt don Ghadhaidhe Dubh". "Is gránna, aithiseach an céard í." Arsa an t-athair. "Béir go dtí an Gadaí Dubh amáireach é." Arsa an mháistir. Do cheannaigh an t-athair culaith éadaigh nua do Sheáinín. Chomáin sé air ar maidin go moch agus dhein sé amach tigh an ghadaí dubh. "Dé bheatha chugainn" arsa an gadaí, nuair a chonaic sé é. "Go mairir slán" arsa fear a gheata. "Cad a thigh ansa thú" arsa an gadaí dubh."Nó cad é do ghnó?"."Bhuel, a dhuine uasail uasail, sé mo ghnó ná féachaint
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Informant
    Tadhg Ó Laocha
    Gender
    Male
    Address
    Mountmusic, Co. Cork