School: Toames, Maghcromtha (roll number 15478)

Location:
Tooms, Co. Cork
Teacher:
Seán de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 258

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 258

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Toames, Maghcromtha
  2. XML Page 258
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear dar b'ainm dhó Seán Ciotach in a chómhnuidhe in aice le Caol Choill nuair, le'n a mhnaoi. Bhí feirm beag aige agus bhí sé go beó bocht mar bhí ana dhúil san ól aige. Bhíodh seafaidí ar inníór aige ar cnoc agus nuair a dhíoladh sé iad d'óladh sé an chuid ba mhó de'n airgead. Bhí bean in a cómhnuidhe san áit ceadhna dar b'ainm dí Neans an Mhiannaig, agus bhí tig tábhairne aice. Is annsan a chaiteadh Seán a chuid ama.
    Lá amháin dhíol Seán seafaidí ar aonach in Innse Geimhleach agus an lá ina dhiaidh sin ní raibh fátha aige ach pinghinn. Chuaidh sé i dtreó tighe Neans agus úil aige go dtabharfadh duine éigin pinghinn eile dó, mar dá mbeadh dhá phinginn aige d'fhéadfadh sé deoch a cheannach. Ach bhuail bean uime agus í ar lorg déirce "Tabhair dom rud éigin ar son Dé, ar sise. Bhí truagh aige dí agus thug sé dí an phinghinn. Bhí sé ana bhuidheach dó, agus dubhairt sí go dtabharfadh sí sparáinín beag do mar buidheachas. "Coimeáfaidh sé do chuid airgid duit" ar sise. "Ní bheidh sé ag teastáíl uaim" arsa Seán "mar ní bheidh aon airgead agam go deó."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Luasa
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Moneycusker, Co. Cork