School: Toames, Maghcromtha (roll number 15478)

Location:
Tooms, Co. Cork
Teacher:
Seán de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 251

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 251

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Toames, Maghcromtha
  2. XML Page 251
  3. XML “Na Toibreacha Naofa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tímcheall na h-áite seo tá ceithre toibreacha naomhtha, ceann aca i Sléibhín, ceann i gCúl Dhómhnaill, ceann i gCill na Rómánach agus ceann gCarraig Duidhe. Sé an tobar naomhtha i gCúl Domhnaill an ceann is tábhachtaí dhíob seo. Tá an tobar seo i bfheirm Dómhnaill Uí hAllocháin. Sé an ainm atá ar an tobar seo ná Tobar Naoimh Mhicíl. Tagann sluagh daoine chun an tobair seo gach 29 lá de Mí An Meadhán fógmhair ag déanamh turasanna. Deirtear gur turas an mhaith turas ag an dtobar seo, go mór mór mar leigheas i gcóir tinnis fiocal.
    Suas go dachad blian ó shoin bíobh cómhthalán mór gach 29 adh lá de Meadhan Fhómhair comhgarach don áit na bhfuil an tobar. Bhíodh ráiseanna, rinncí agus gach saghas lúth cleas an súibhal an lá san agus san tráthnóna ( agus na sean daoine ar feadh an lae) théigheadh na daoine don tobar naomhtha chun turas a dhéanamh. Seo an cumma na deintear an turas tímhcheall an tobhair seo. Deirtearsan Coróinn Mhuire ar dtúis. Annsan tá ceirthe stáisúin tímcheall an tobar agus deirtear "Ár nAthair atá ar an neamh" "Go mbeannuighthear Dhuit" agus " Glóire Don Athair" ceirthe n-uaire ag gach stáisúin. Téigheann duine tímcheall an tobair ceithre h-uaire mar seo, agus sa deire deirtear "Ár nAthair atá ar neamh " Go mbeanmuighthrear Duit" An Glóire agus Creidimh i nDia" ar son athar agus máthar naoimh Mhicíl
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Mhuirthille
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Kilnarovanagh, Co. Cork