Máire Ní Chríodáin, Oileán Aibhneach. Aois - Dhá bhliain déag
16-12-’38
Béaloideas –Scéal
Bhí fear ann uair gurb ainm do Stiúirdín agus bhí madra aige. Bhíodh an madra ag dul chun an Aifrinn lena chois gach Domhnach. Lá do chonaic an sagart an gadhairín ag geata an tséipéil. Níor dhein sé pioc ach breith ar chosa deiridh air agus a cheann a bhualadh i gcoinnibh an fhalla agus é a mharú. Bhí Eoghan Rua ann láithreach agus duairt sé:-
“A ghadhairín na gcarad is danaid do chúrsaí
Ag dul chun an Aifrinn ar maidin le húmhlaíocht,
Do cheann le falla go daingean gur dlúthaíodh,
’s ní bás gan sagart a fuair do mhadra, a Stiúirdín.”