School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 199

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí buachaill ón bparóiste seo ag friotháileamh saor darbh ainm Mícheál Ó Déisigh i bparóiste Dhún Mánmhaí. Bhí an saor ag tabhairt air go seóigh ag magadh fé agus ag magadh fén áit ónar tháinig sé. Duairt an buachaill go bhfaigheadh sé fear ón áit as a dtáinig sé a chiúineodh é. Duairt an fear ná faigheadh, ná sa pharóiste ba giorra dho, a chiúineodh é féin. Chuir an buachaill geall ar son fear darbh ainm Séamas Mór Ó Muimhineacháin. File dob ea é a bhí ’na chónaí i gCarraig na Damhra. Insa gheall bhí ar an buachaill teacht á iarraidh agus do tháinig. Ar a dó dhéag a chlog san oíche do ghlaoigh sé air ag á thigh. Ní raibh aon chóir mharcaíochta ins an am san ach cúrsa a thabhairt de shiúl na gcos agus ar a dó dhéag a chlog lá ar na mháireach do shrois leo bheith theas. Istigh i dtigh tábhairne bhuail an fear seo iompu, Micheál Ó Déisigh. D’fháiltigh sé roimh Séamas Mór Ó Muimhineacháin is do shín sé deoch chuige treasna an bhoird. Le linn na dí a thógaint do Shéamas thosnaigh sé ar an ngnó a thug é:-
“A Mhíchíl, ar seisean, a shaoir ghroí do Dhéiseachaibh,
Chímíd tú in iontaoibh ár léanntuigse.
Do dhroim gill má shuím síos go scéithfeadfsa
Ar cad é aois Chríost agus an mó Rí a bhí ar gach taobh den mhuir,
Cad é an slí a bhíonn sa taoide ag teacht is ag dul,

(continues on next page)
Collector
Peigí Ní Mhuimhneacháin
Gender
female
Age
13
Address
Carrig, Co. Cork
Language
Irish