School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a cuaidh an Mhaighdean Mhuire agus Naomh Iosep go Beithleim bhí sé teipithe ortha lóisdín d'fhághail mar bhí an uile áit tógaithe suas ag na strainnséirig eile.
Fé dheire cuadhar isteach i dtigh i na raibh fear agus bean ann agus d'iarradar bheit istig go maidin.
Bhí an bean sásta an chead sin a thabhairt dóibh, mar bhí sí deagh-chroidheach acht ba dhuine doicheallach an fear agus cuir sé ón dorus iad.
Ba gearr a bíodar imtighthe nuair a bhuail pian é, agus annsan tháinig catú air gur díbir sé an bheirt a iarr an lóisdín air. Chuir sé a bhean amach ar a lorg á rádh léi gan filleadh choidhche go bhfuigheadh sí amach iad.
Chuardaigh sí síos is suas agus fé dheire cá thiocfadh sí suas leo acht istig i sgioból bó. San am ceadna bí ár Slánuightheóir beirthe agus É leagtha i mainséar a bhí ann.
D'innis an bhean bhocht mar deirig do'n fhear ó sgaradar leis agus an cúis ar cuireadh i féin amach ar a lorg le na dtabhairt ar ais chun an tíghe. Nuair a bhí sí críochnuighthe le na theachtaire labhair an Mhaighdean Ghlórmhar agus dubhairt sí.
"Bean mín ar fear borb
Agus Mac Dé na luighe ar Colg."(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Goirtín Fliuch, Co. Cork