School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 196

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí buachaill aimsire ann fadó agus ba bhéas aige bheith ag dul ag sgoruídeacht gach aon oidhche. Bhíodh sé ag gabháil treasna cnoc agus é dul ag sgoruígeacht.
Maitúin Ó Céilleachair a bainm do.
Do bhuaileadh saghas sprid uime agus deantús muiche uirthi. Do ritheadh sí chuige gach oidhche agus do ritheadh sí idir a dhá chois. Thogadh sí léi é ar a dhrom agus chaiteadh sí i bpoll uisce nó i bpoll portaig é gach oidhche.
Oidhche dá raibh sé ag dul ag sgoruídheacht.
Do chuir sé air peidre spuir agus d'imthigh sé leis.
Do bhuail sí uime sa chnoc agus do thóg sí léi é.
Do rop Maithiún í chomh maith is dob fhéidir leis é agus sar ar shrois sí aon pholl uisce do chait sí dá drom é agus d'imthigh sí uaidh.
An oidhche na dhiaid san do labhair sí leis. "A Mhaithiún", ar sise "a bhfuil na gearáin ort." "Tar agus triall iad", arsa Marthiún léi agus as san amach ní fheacha sé í a thuille.

Collector
Máire Ní Liatháin
Gender
female
Age
13
Address
Gurteenflugh, Co. Cork
Language
Irish