School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 195

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Fadó bhíodh na franncaig ag dul ó áit go h-áit na sluaghtaibh. Lá amháin bhíodar ag deanamh isteach ar Bhaile Mhúirne agus dubhairt franncach críona do bhí orta leis an gcuid eile:-
"Gabhaidh go múinte tre Bhaile Mhúirne,
Mar tá droch criú ann mar a cloisim,
Is ró bheag an cúis íarfaidís chúghaibh-se
Nuair a ruagfaidís sibh leis na clocaibh.
Nuair a bhí tréimhse caithte aca i mBaile Mhúirne bhíodar ag cuineamh ar dhul síar go dtí Cúil Aodh acht do labhair an franncac críona arís agus dubhairt sé.
"Ní raghaimíd mar greadadh teine gan bhíadh a bhíonn in iarthar Bhaile Mhúirne."
Annsan bhíodar cun dul ó thuaidh go dtí Gleann Fleisge acht dubhairt an seana franncach arís,
"Gleann Fleisge na gcrann, ball gann, gorta dá mbeithfeá ann go Samhain bheithfeá an t-am san ag trosga," acht cuadhar soir go Magcromtha an áit na cruithneacht agus coirce agus bíadh go leór le fágáil. aca.

Collector
Peigí D. Ní Loingsigh
Gender
female
Age
13
Address
Lyrenageeha, Co. Cork
Language
Irish