School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 194

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Do bhí buachaill óg ann agus do gheóbad sé triúr ban lé pósadh. Sé sin do phósfadh aoinne den triúr é, agus ní fheadar sé féin ciaca aca bfearra dho thógaint.
Baintreach a b'ead duine aca go raibh slighe mhaire aici agus chlann aici. Cailín mí-deabhrathach a b'ead duine eile aca agus spré aici, agus cailín breágh b'eadh a trímhad duine agus gan spré aici.
Bhí radharc caillte ag a athair. Fear dall b'eadh é. Tháinig a mhac a triall air is ag tógaint a chómhairle. Sé dubhairt an t-athair leis:-
"A Mhic a chroidhe ó tuíse ar thabaraisg ann
Leigse dhíot an críon bhean cruaidh is a clann,
Gaibh le mnaoí na scuabad leabhar
Go mbeadh a dá ruisín mar fhíor-uisce fhuair i nGleann,
Bean ná spré da mbéidir í siúd fhághail
Snaidhm-se léi is ná seann a clú go bráth
Nó tóg más beinn leat bean gan púnt na láimh

Collector
Peigí Ní Mhuimhneacháin
Gender
female
Age
13
Address
Carrig, Co. Cork
Language
Irish