Tháinig fear bocht go tig feirmeora tráthnóna amháin. D'iarr sé lóisdín na h-oidhche agus do fuair. Bhí sé ag obair ag glanadh na cróite agus ag deanamh rudaí mar sin. Nuair tháinig na ba chuaidh sé amach agus ceangail sé isteach iad. Nuair bhíodar go léir amuigh ag crú na mbó thosnuigh sé ag luasghadh an chlíabháin agus ag amhrán don leanbhh. Sé seo an t-amhrán a bhí ar suibhal aige. "Íosa Críost na bhfeart cá bhfuil an mairt is mó. Tá sí ceangalte i n-aisg thíos i dtóin an chró Domhnall Ó Fógarnamh dailín Domhnall Ó Fógornamh dailín Domhnall Ó Fógarnamh dailín mac an gadaidhe mhóir" Ar maidin nuair éirigeadar bhí an mairt a bhí i dtóin an chró imtighthe agus an bacach chómh maith. Is ní feacadar aoinne acu ó shin.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »