School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 189

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 189

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 189
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí buachaillín le dronn air ag aoireacht bó i bpáirc cois leasa. D’airigh sé an t-amhrán beag istigh sa lios. Bé an t-amhrán a bhí ar siúl acu ná: “Dé Luain, Dé Máirt – Dé Luain, Dé Máirt.” Bhí an garsún ag éisteacht agus duairt sé:- “Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin.” Do chuir an fear istigh sa lios fear amach féachaint cé chuir an píosa deas leis an amhrán. Nuair a chuaigh an fear thar n-ais go dtí an lios d’innis sé gur garsún beag a bhí ann agus dronn air. “Imigh amach,” ar seisean, “agus ó dhein sé an t-amhrán chomh deas san dúinn bain an dronn de.” Chomh maith do dhein. Chuaigh an garsún abhaile agus áthas air.
    Bhí garsún eile sa bhaile lena ais go raibh dronn eile air. Nuair a chonaic sé é seo gan an dronn air agus nuair a airigh sé an scéal ní raibh sé sásta gan dul fé dhéin an leasa é féin. Do ghluais sé leis agus d’airigh sé an t-amhrán. Do labhair an buachaillín:- “Agus Déardaoin,” ar seisean. Nuair a airigh fear an leasa é seo bhí sé ar deargbhuile. “Imigh amach,” ar seisean “agus féach cé tá tar éis m’amhrán do lot.” D’imigh an fear amach agus tháinig sé isteach leis an scéal gur garsún eile a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0503: The Gifts of the Little People
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Shéaghdha
    Gender
    Female
    Age
    10
    Address
    Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork