Peigí Ní Chéilleachair, Cathair na Cátha. Aois – Aon bhliain déag 17-10-’38 Béaloideas – Scéal Do rugadh Naomh Bréanann i gCiarraí. An lá do baisteadh é i dtobar in aice Thrá Lí do léim trí cinn de chaoire as an dtobar. Tá “Tobar na Molt” ón lá san go dtí an lá atá inniu ann mar ainm ar an dtobar. Nuair a bhí Bréanann ag dul ar scoil ní bhíodh aon bhainne le fáil ag an mac léinn. Do bhí an buachaill beag ag gol lá ag lorg bainne. Tré na deora chonaic sé fia ag teacht chuige ó na cnoic. Eilit mhaol a bhí ann agus bhí bainne aici. Fuair Bréanann an bainne gach lá as san amach.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »