Máire Ní Chríodáin, Drom an Ailtig. Aois – Ceithre bliana déag
11-10-’38
Béaloideas – Scéal
Bhí fear bocht ’na chónaí i mBéal Átha an Ghaorthaidh fadó. Lá amháin bhí sé ar thaobh an bhóthair ag briseadh giúise nuair a bhuail cóiste an tslí. Ba mhó go mór cóiste an uair sin ná gluaisteán anois. Lá fliuch dob ea é agus bhí an fear bocht lán de lathach. “Conas tánn tú?” arsa muintir an chóiste leis an bhfear mbocht. Is dócha go rabhadar ad iarraidh bheith ag magadh fé. Is mar seo a fhreagair an fear iad:-
“Táim go giobalach, liobarnach, ocrach, leointe.
An landlord ’om phriocadh is gan pingin im phóca.”