School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 180

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 180

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 180
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deirtear go raibh muiríon mhór ar athair agus ar mháthair Naomh Gobnatan – go raibh dháréag mac agus dháréag iníon acu agus gur scaipeadar ar fuaid na hÉireann ’na naomhaibh. Tháinig duine acu, gurb ainm do Ábán, go Baile Bhúirne. Dhein sé cill deas i lár na coille ar an dtaobh theas de shráidín Charraig an Adhmaid. Bhíodh daoine ag dul ag paidreoireacht ann. Bhí cnámha naoimh sa chill seo agus bhíodh na daoine a bhíodh ag paidreoireacht ann á gcimilt féin leis na cnámha úd chun iad féin do leigheas.
    Bhí Sasanach ’na chónaí le hais an bhaill agus bhíodh na daoine ag gabháil tríd a chuid tailimh ag dul go Cill Ábáin. Do tháinig an-fhearg air agus d’imigh sé ag faire orthu. Chonaic sé iad ag cimilt na gcnámha díobh féinigh. Do tháinig sé go dtí an chill um thráthnóna arís. Chaith sé na cnámha ar fuaid na coille.
    Nuair a oir do éirí ar maidin amáireach ní fhéadfadh sé seasamh in aon chor. Do chuir sé a bhuachaill aimsire, go himníoch, ag bailiú suas na gcnámha arís. Do bhailigh an buachaill aimsire iad ach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Liatháin
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    An Goirtín Fliuch, Co. Cork