Máire Ní Shé. Iúil 25ú 1938. Béal Átha an Ghaorthaidh Béaloideas – Scéal Ní théadh na seandaoine a chodladh riamh gan báisín uisce a fhágaint ar an driosúr. Deiridís go dtagadh na púcaí isteach gach oíche nuair a bhídís ’na gcodladh. Bhí fear i gCill na Martra agus deirtí go mbíodh sé in éineacht leis na púcaí i gcónaí. Do bhuail sé uim fear tí éigin i Maigh Chromtha agus duairt sé leis;- “Is mór an náire dhuit féin is dod bhean ná raibh braon fíoruisce sa tigh agaibh aréir agus ní raibh báisín slán sa driosúr.” “Conas atá a fhios agatsa é?” arsa fear a’ tí. “Bhíos féin agus na púcaí ann aréir,” ar seisean. Nuair a chuaigh an fear abhaile chuaigh sé fé dhéin an driosúra agus chaith sé amach gach báisín a bhí sa driosúr. D’fhiafraigh a bhean de cad a bhí air agus d’innis sé di. Chuadar go Maigh Chromtha lá arna mháireach agus cheannaíodar árthaí nua.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »