Fadó, fadó, nuair a bhí an tAthair Seoirse ’na shagart paróiste in Inis Beithe do théadh sé ó go Gleann Cárthaigh gach Domhnach ag lé’ aifrinn ann. Maidin áirithe dá raibh sé ag dul ó dheas do bhuail scata garsún uime a bhí istigh i bpáirc agus iad ag bualadh báire. Do chuaigh an liathróid idir bheirt gharsún. Do scread duine acu ar an duine eile. Fair dheas a dhiail, h-anaman diar fair deas. Do chonaic an sagart an buachaill ach ní fhaca an buachaill an sagart agus ní raibh a fhios aige cá raibh sé ’na sheasamh go raibh greim ag an sagart ar bhior a chluaise air.
“Tá tú tagartha go maith,” arsa an sagart, “ach b’fhéidir ná fuil do cheachtanna chomh maith san agat – an mó Dia ann?” arsa an sagart. “Á! bog dom chluais, a athair,” arsa an garsún, “agus neosaidh mé dhuit.” Ach níor bhog an sagart dá chluais, ach is amhlaidh a bhain sé stathadh agus tarrac as.
(continues on next page)