School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 170

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Timpeall ceithre fichid blian ó shin bhí ’na chónaí i gCarraig an Ime amadán gurbh ainm dó Séamas. Bhíodh áilteoirí garsún ag imirt air nuair a gheibhidís in aon áit phoibli é. Tháinig sagart iasachta chun na paróiste. Bhí sé lá Domhnaigh ag tabhairt aifrinn uaidh i gCarraig an Ime. Do tharla go raibh
Séamas sa phobal. I lár an aifrinn do phrioc buachaill éigin Séamas. Chuir Séamas béic uafásach as. Chrom gach éinne a cheann. I gceann tamaill do phrioc duine eile an t-amadán. Chuir an t-amadán béic eile as, ba threise agus dob aoirde ná an chéad bhéic. D’iompaigh an sagart agus do labhair sé. Thug sé agaidh a bhéil ar an bpobal go fíochmhar agus go feargach. Do chas sé leo an peaca a bhí acu á dhéanamh le gan iad féin d’iompar istigh i dtigh Dé agus an t-aifreann ar siúl. Nuair

(continues on next page)
Collector
Eibhlín Ní Fhearghaill
Gender
female
Age
12
Address
Illauninagh West, Co. Cork
Language
Irish