School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Seanfhocail

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 169

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Máire Ní Chríodáin, Drom an Ailigh. Aois - Ceithre bliana déag
28-9-’38
Seanfhocail
1. Tabhairse sin domhsa agus bí féin id óinsigh.
2. Tá balcaisí a ghnótha air.
3. Tabhartas Uí Bhriain, agus a dhá shúil ’na dhiaidh.
4. Tagann [leg. Caitear] an chairde agus ní maitear na fiacha.
5. Tagann maith le cairde agus grásta le foighne.
6. Tar éis na mionn is fearr na mná.
7. Tart deireadh an óil agus brón deireadh an mhagaidh.
8. Tástáil do dhuine muinteartha sula dteastóidh sé uait.
9. Tá sé chomh géar le bó mhaol.
10. Tá sé chomh righin le táthfhéithleann.
11. Tá tú bog cruaidh anois mar eireaball na bó.
12. Teaspach dearg nó fíor-riachtanas, dhá ní nach féidir do cheilt.
13. Tigh ar bhéal bóthair, ní haistear é ach cóngar.

Collector
Máire Ní Chríodáin
Gender
female
Age
14
Address
Dromanallig, Co. Cork
Language
Irish