School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Máire Ní Chríodáin, Drom an Ailigh. Aois - Ceithre bliana déag
28-9-’38
Seanfhocail
1. Tabhairse sin domhsa agus bí féin id óinsigh.
2. Tá balcaisí a ghnótha air.
3. Tabhartas Uí Bhriain, agus a dhá shúil ’na dhiaidh.
4. Tagann [leg. Caitear] an chairde agus ní maitear na fiacha.
5. Tagann maith le cairde agus grásta le foighne.
6. Tar éis na mionn is fearr na mná.
7. Tart deireadh an óil agus brón deireadh an mhagaidh.
8. Tástáil do dhuine muinteartha sula dteastóidh sé uait.
9. Tá sé chomh géar le bó mhaol.
10. Tá sé chomh righin le táthfhéithleann.
11. Tá tú bog cruaidh anois mar eireaball na bó.
12. Teaspach dearg nó fíor-riachtanas, dhá ní nach féidir do cheilt.
13. Tigh ar bhéal bóthair, ní haistear é ach cóngar.- Collector
- Máire Ní Chríodáin
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Drom an Ailigh, Co. Cork