School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 167

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 167

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 167
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Máire Ní Chríodáin, Oileán Aibhneach. Aois - Dhá bhliain déag
    13-7-’38
    Béaloideas –Scéal
    Timpeall céad bliain ó shin bhí bean sí ’na cónaí timpeall leathmhíle siar ó shráid Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Gach oíche nuair a bhíodh éinne ag gabháil an bhóthair, soir nó siar, do bhíodh sí i gcónaí ag magadh fúthu. Sa deireadh bhí na daoine cráite, ciapaithe aici. Nuair a bhí mo sheanathairse ag gabháil an treo do sheas an sprid amach ar an mbóthar roimis. Duairt mo sheanathair léi druidiúint isteach uaidh ach níor dhein. “Druid isteach uaim,” ar seisean – duairt sé é arís agus arís eile. “Ní déarfad a thuilleadh é ach an uair seo,” ar seisean – “Druid isteach uaim,” arsa sé – agus níor dhein.
    “Arc an diabhail bhuí!” arsa Mícheál, “ní bheidh eagla orm romhat,” agus do tharraing sé scian mhór as a phóca, agus do rith sé chun na spride, agus do rop Mícheál í, agus do fuair sí bás. Do chuir sé an scian ar ais ’na phóca agus chuaigh sé abhaile.
    Maidean lá arna mháireach do tháinig Mícheál go dtí an áit chéanna. Do bhí an sprid imithe, ach san áit ’na raibh sí bhí cnapóg froganna óga agus a scian sáite ann. As san amach ghlaodar “Casadh na Spride” ar an áit ’nar mhairbh Mícheál Ó Críodáin an sprid.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chríodáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Oileán Eidhneach Thiar, Co. Cork