School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 165

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí garsún bocht ’na dhílleachtaí ann uair. Bhí leasmháthair aige. Bhí sí ag criathairt mine coirce lá. Rith an garsúinín anall chuici agus chuir sé a láimhín fén gcriathar chun dorn mine coirce d’fháil le n-ithe. Do bhuail an leasmháthair clabhtóg ar an láimhín air. D’imigh sé leis ar bog-ghol agus nuair a chuir sé an tocht de labhair sé:- “Beannacht dílis Dé le hanam mo mháthar. Bhí sí dall ach ní raibh fhios agam é go dtí inniu. Ní fhaca sí mo láimhín riamh fén gcriathar.”
D’imigh na blianta agus bhí leasdeartháir ag an dílleachtaí. B’é siúd an máistir mar bhí an taca aige. Bhíodh scata géanna acu ar an gcnoc. Bhíodh ar an leaidín bocht na géanna do chur isteach gach oíche. Ní raibh aon rud le déanamh ag an leasdeartháir. B’é toil Dé go bhfuair an leasmháthair bás agus oíche an tórraimh labhair an leaidín arís:-
Céad moladh mór le Rígh na naomh

(continues on next page)
Collector
Eibhlín Ní Cheallacháin
Gender
female
Age
12
Address
Cahernacaha, Co. Cork
Language
Irish