School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 163

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 163

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 163
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ceannaí mór do chaill sparán go raibh dhá chéad punt ann. Thairg sé deich bpunt don té a gheobhadh é agus a thabharfadh thar n-ais chuige é. Duine bocht a fuair an sparán agus a thug do é. Bhí ana-leisce ar an gceannaí ansan na deich bpuint a thabhairt uaidh mar bhí sé sprionlaithe. Chuir sé éitheach ar an bhfear mbocht. Duairt sé go raibh bonn óir sa sparán nuair a chaill sé é agus gur ghoid an fear eile é. Duairt an fear bocht ná raibh a leithéid ann agus thug sé an ceannaí i láthair an bhreithimh, toisc míchlú do thabhairt air féin.
    Do cheistigh an breitheamh iad agus ní fada gur aithin sé ar a gcaint cé bhí ag insint na fírinne. Thug sé a bhreith mar seo:- “An sparán a chaillis-se, bhí bonn óir ann ?” “Bhí, dar ndóigh,” ar sé agus áthas air gur chreid an breitheamh a scéal féin. “Agus an sparán a fuairis-se,” arsa an breitheamh leis an bhfear mbocht, “ní raibh aon bhonn óir ann. Dá bhrí sin ní féidir gurb é sparán do chaill an ceannaí a fuairis-se, ach sparán do chaill duine éigin nách fios cé hé.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Gobnait Ní Chróinín
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Carraig na Damhaire, Co. Cork