School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 158

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sa drochshaol fadó – ní miste dhom drochshaol a ghlaoch air sar ar leagadh cíosanna dos na daoine, agus go deimhin féin tá drochshaol ann leis fé láthair anois, ach an uair sin, mar a duart cheana, do mhaireadh na daoine ana neamh chostasúil. Ach bhí na cíosanna ana-mhór.
Do bhí m’athair, lá, thiar anso ar thaoh an bhóthair ag baint giúise agus á bhriseadh. Bhí sé an-achomair don bhóthar san áit go raibh sé, agus toisc bheith ag bualadh agus ag pléascadh ar feadh an lae agus an lathach mórthimpeall ar an gcreachail giúise, bhí gach aon phioc de dubh, salach, smeartha. Do ghaibh daoine éigin an bóthar i gcarráiste – ba mhó go mór le rá carráiste an uair sin ná gluaisteán anois.
Ach chuir duine éigin acu speic air ar aon chuma. Ní fheadarsa ciocu ag magadh fé a bhíodar, nó ad iarraidh bheith ag magadh fé. “Conas tánn tu?” ar seisean. Thóg sé a cheann agus sé seo an freagra a thug sé air:- “Táim,” ar seisean, “go trochailte, giobalach, liobarnach, lópach, an landlord ’om clipeadh is gan

(continues on next page)
Collector
Peigí Ní Mhuimhneacháin
Gender
female
Age
13
Address
Carrig, Co. Cork
Language
Irish