School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 153

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 153

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 153
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ’na cónaí fadó ar an Leacain Bháin agus bhí déirí aici ón bhfeirmeoir a bhí chomharsanacht léi. Bhí na ba go maith aici agus ba ghearr an mhoill uirthi an cíos do dhíol le him. Nuair a chonaic bean an fheirmeora go raibh an bhean eile ag déanamh seó airgid ar an im, tar éis an chíosa a bheith díolta, duairt sí léi féin go mbéarfadh sí an t-im uaithi.
    Chuaigh sí go dtí bean an déirí Lá Bealtaine agus d’iarr sí punt ime uirthi agus fuair sí é. An chéad lá eile nuair a bhí bean an déirí ag déanamh na cuiginne theip uirthi aon im do dhéanamh – bhí sí á dhéanamh ó mhaidean go hoíche ach ní raibh aon mhaith dhi ann. Fé dheireadh chuimhnigh sí uirthi féin gurb amhlaidh a dhein duine éigin piseoga ar a cuid ime, agus chuimhnigh sí ar an mnaoi do rug uaithi an t-im Lá Bealtaine, agus chuaigh sí go dtí bean an fheirmeora agus fearg uirthi, agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Peigí D. Ní Loingsigh
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Ladhar na Gaoithe, Co. Cork