School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 150

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Do bhí fear bocht aon uair amháin ag siúl an bóthar. Do bhí an lá te agus bhí ana-thart ar an bhfear mbocht. Do bhuail sé fé dhéin tigh feirmeora. D’iarr sé deoch ar mhnaoi a’ tí ach ní bhfuair. Cé go raibh fiche bó ag muintir a’ tí sin ní thabharfadh bean a’ tí deoch don duine bocht.
D’imigh sé leis. Chonaic sé tigh beag cinn tuí in aice an bhóthair agus bhuail sé ’na threo. “Ar lorg dí a tháinig mé chút, a bhean mhaith,” ar seisean leis an mnaoi a bhí sa tigh sin. “Mhuise, go bhfóire Dia orainn,” ar sise, “ní bhíonn de bhainne agamsa ach an braoinín a cheannaím ós na comharsain, ach an braon beag atá istigh agam gheobhair é agus fáilte.” Fuair sé an deoch. D’ól sé í agus do ghaibh a bhuíochas agus d’imigh sé.
Ar maidin lae arna mháireach nuair d’eirigh an bhean bhocht cad a bheadh ’na sheasamh ag an doras ach bó bhreá. Fuair an bhean árthach agus do crúigh sí an bhó. Do bhí áthas ar an mnaoi an méid sin bainne a bheith aici agus d’imigh an bhó an bóthairín síos.

(continues on next page)
Collector
Maighréad Ní Chróinín
Gender
female
Age
13
Address
Carrignadoura, Co. Cork
Language
Irish