Bhí dochtúir óg tar éis teacht abhaile ar a laeteanntaibh saoire agus dinntiúirí a chéirde aige ach bfada uaidh gliocas a athar, sé sin an sean-dhochtúir, a bheith aige.
Cúpla lá tar éis teacht abhaile do glaodhadh ar an seana-dhochtúir go dtí sean-duine breóite is cuaid a mhac, an dochtúir óg, le na chois.
Chuadar isteach go dtí an seomra 'na raibh an duine breóite agus bhí an dochtúir óg ag tabhairt gach rud fé ndeara.
Cuir amach do theanga arsan seana-dhochtúir. Do dhein an sean-duine amhlaidh. Do mhothaig sé a chuisle annsan is chrom sé a cheann agus dubhairt " bíonn tú ag ithe orráisti a fhir mhaith."
"O bím, tá dhuil agam in orráistí." "Ní mór duit iad do thabhairt suas feasta arsan seana-dhochtúir. Do dhein an sean-duine mar a duabhradh leis, agus do imthig an bheirt aca abhaile.
"Cionus a fuarais amach go raibh sé ag ithe oraistí arsan mach".
(continues on next page)