School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí file buile ann fadó agus aon oíche amháin bhí sé ana-dhéanach sa tsráid. Bhí sé ag déanamh amach ar an bhuille a chlog nuair a bhí sé ag dul abhaile. Do bhí air gabháil thar droichead. Deirtí go bhfeictí sprid ann agus nuair a tháinig sé chomh fada leis an áit bhí an sprid ann roimis. Do labhair an sprid; ar sise:-
“Coinneal agus coinnleoir ann –
Cuirse leathrann leis sin.”
Arsa an file:-
“Cuileann do bainfí um Shamhain
Do chuirfeadh sé díon [leg. ceann] ar thigh.”
Arsa an sprid:-
“Coinneal agus coinnleoir ann –
Cuirse leathrann leis sin.”
Arsa an file:-
“Muileann ar lár na habhann
Is é ag scilicheadh thall sa bhfus.”
Arsa an Sprid:-
“Coinneal (etc)(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Shuibhne
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Tuairín Dubh, Co. Cork