Nithe nár cheart iontaoibh a bheith astu:-
Adharc bó, tóin capaill, gáire Sasanaigh nó drannadh madra.
Nó
Oíche Fómhair, tóin linbh, ná sláinte duine críonna.
Trí ghéithte tairbh:-
Siúl dána, muineál láidir agus bonn cruaidh.
Trí ghéithte giarrfhiadh:-
Cluas éadrom, súil iomallach agus fionnadh mín.
Trí ghéithte mná:-
Ucht leathan, cum caol agus drom gairid.
An Lá San Phóil má fhógrann grian le teas
Beidh rath go leor agus Fómhar na bliana i gceart,
Nó an Lá San Phóil má bhíonn sneachta ar mhórchnoic thoir, thuaidh nó theas
Beidh ár go leor agus is cóir don bhliain bheith tearc.
Cad iad na nithe nách féidir a cheilt?
Grá, tart agus tochas.
Cad iad na trí nithe nách féidir a fhoghlaim?
(continues on next page)