School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do thosnaigh an chaint arís i dtaobh an phuint. D’eirigh a bhfearg leis an gcaint a dheineadar agus ba ghearr go raibh ’na chogadh dhearg arís acu. Do chuala an fear an clampar arís. Seo isteach leis agus píce trí mbeann ’na láimh aige. “Cad é an diabhach so arís oraibh,” ar seisean. D’inseadar do gurb amhlaidh a bhí punt den olainn spártha acu agus nárbh fhéidir é a réiteach. “Nár thuga Dia aon lá dá thairbhe díbh!” ar seisean, agus do sháigh an píce ann agus do chuir an punt olla isteach i gceartlár na tine. Cad do bheadh ach an t-áirseoir agus é istigh sa phunt, ach má bhí níorbh fhada an mhoill air an doras amach a chur de agus teann deabhaidh fé. Níorbh aistear leis gabháil chun tí a’ tsagairt ag dul ar ais do.
D’fhiafruigh an sagart de conas d’eirigh leis. “Am briathar,” ar seisean,
“ná fuaireas mo dhóthain riamh in aon áit ’ar ghabhas go dtí gur casadh eatarthu siúd mé, agus tá súil agam gur fada arís go mbearfaidh a leithéid de challshaoth orm,” agus d’innis sé a scéala ó thúis go deireadh.- Collector
- Peigí D. Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Ladhar na Gaoithe, Co. Cork