School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí seana-bheean grádna na cómhnuidhe i dtigh breágh mór fadó agus inghean ana ghrádna aici.
Sa pharóiste cheadna bhí bean deas na cómhnuidhe agus bhí inghéan ana dheas aici. Bhí an bhean ghrádna ana shaidhbhir agus ba gearr gur pósadh a h-inghean agus bhí sí ana mhaoiteach mar geall air.
Buail sí féid agus an bhean dheas uma a chéile lá. D'iarr an bhean ghrádna den mhnaoí dheas can na thaobh ná raibh ag pósadh a h-inghine mar bhí fhios aici gur easba an airgid a bhí uirthi. Do fhreagair an bhean eile í agus dubhairt
"Dá mbeadh ba ag an gcat do pósfaí é
Is an cat ná bíonn, amach a seoltar é
Tá inghean no cailighe bracaí pósta ó aréir
Is mo cailín deas ná fios ca ngeobhfar lei.
Do bhain san an mhóráil ar fad den tseana mhnaoí ghrádna.- Collector
- Peigí D. Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Ladhar na Gaoithe, Co. Cork