School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 135

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 135

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 135
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    do chun suipéir?” “Thugas leite mine buí do,” arsa an bhean bhocht. “Conas a thugais do í,” arsa an mháthair.
    “Thugas do í chomh maith agus d’fhéadas,” ar sise, “do ligeas amach ar mhéis í, agus thugas cupán breá leamhnachta dho léi.” “Anois,” arsa an mháthair, “imigh abhaile agus nuair a dhéanfaidh tú leite anocht tóg do chuid féin amach ar mhéis agus fág cuid Sheáin sa chorcán. Caith taoscán bainne isteach ann agus tabhair do an corcán chun ite as.”
    D’imigh an bhean óg abhaile agus do dhein sí mar a duairt máthair a céile léi. Nuair a fuair Seán an corcán do léim sé go héadrom éasca as an gcúinne.
    Do bhuail sé a dhá bhais le ċhéile le háthas croí. Ní miste a rá ná go raibh fear tí súgach sásta lúcháireach aici as san amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Chróinín
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Carraig na Damhaire, Co. Cork