School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tamall. Do phós Seán cailín deas triopallach go raibh súil aige uirthi le tamall. Duairt mháthair Sheáin go n-imeodh sí go tigh a deirféar, a bhí ’na cónaí in aice léi agus go bhfágfadh sí é ar feadh cúpla seachtain.
Bhí Seán go meidhreach an lá tar éis a phósta. Nuair a tháinig am suipéir do chuir a bhean leite síos agus nuair a bhí sí beirithe do lig sí amach ar dhá mhéis í agus thug sí cupán breá leamhnachta do Sheán lena chuid féin. Do tháinig dath gorm ar Sheán bocht nuair ná fuair sé an corcán le scríobadh óna mhnaoi mar a fuair sé óna mháthair féin é.
D’ith sé cúpla greim don leite agus ansan d’eirigh sé ón mbord go míchéadfach neamhshásta. Do shuigh sé i gcúinne go dubhach gan oiread is focal a labhairt. Do dhein an bhean óg a dícheall chun an tormais a bhaint de ach do chaith sí éirí as. Do bhí san ag briseadh a croí, ag iarraidh cuimhneamh ar dhein sí aon ní a chuir pus ar Sheáin, ach dá mbeadh sí ag cuimhneamh go deo ní bheadh pioc dá bharr aici.
Nuair a theip ar a mhnaoi gáire a bhaint as d’imigh sí go tigh a mháthar agus d’innis sí an scéal brónach tríd síos di. “Eist go fóill agus bíodh stuaim agat,” arsa an mháthair. “Cad a thugais(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Carraig na Damhaire, Co. Cork